send link to app

Ící Pící app for iPhone and iPad


4.2 ( 2992 ratings )
Education Book
Developer: Linda Keating
Free
Current version: 1.1, last update: 7 years ago
First release : 13 Nov 2014
App size: 56.36 Mb

Téann an aip seo lámh ar láimh leis an leabhar ceoil do pháistí, Ící Pící, scríofa ag Nellie Nic Giolla Bhríde, le ceol ó Dhoimnic Mac Giolla Bhríde agus atá maisithe Dara McGee.

Leis an aip thig leat éisteacht le hamhráin ón leabhar Ící Pící. Thig leat tú féin a thaifeadadh ag ceol i gcuideachta na hamhráin agus thig leat do chuid taifid a roinnt thar na meáin shóisialta. Chomh maith le sin, tá cúpla físeán bunaithe ar na hamhráin a dtig a choimheád ar do fón. Bainigí sult as!

Ící Pící is a fun way to sing along with, learn the words and interact with the book Ící Pící.

Ící Pící is a much loved book of songs and rhymes for children, written in the Irish language. Published by Éabhlóid, with music composed by renowned Donegal Sean Nós Singer Doimnic Mac Giolla Bhríde, it features young singers from the Donegal Gaeltacht.

This iphone version of Ící Pící allows you to record yourself singing along with the music, with the help of karaoke style text. It offers animations of a selection of songs from the book, and also features full pages from the book for you to learn the words from.

Karaoke recordings made with this app may also be shared by email, mms, or social media, but these features are behind a parental gate and can only be accessed by an adult user.


Polasaí príobháideachta páistí

Tá Éabhlóid tiomanta do chosaint aon pháiste a bhainfeas úsáid as an aip seo, mar atá leagtha amach sa pholasaí príobháideachta páistí seo.

Cén t-eolas a chruinníonn aip Ící Pící?

Ní iarrann muid aon eolas príobháideach ón úsáideoir; mar ainm, sheoladh nó uimhir fóin.
Ní dhéanann muid taifead de, nó, ní bhaineann muid úsáid as aon eolas ó chórais suite domhanda (GPS).


An bhféadfadh le páiste a bhaineann úsáid as aip Ící Pící costais úsáide shonraí móibíleacha a reáchtáil suas ar an fón i ghan fhios?

Tugann aip Ící Pící deis don úsáideoir taifid fuaime á roinnt agus á uaslódáil ar na meáin shóisialta, ar sheirbhís teachtaireachtaí ilmheán agus ar ríomhphost. Muna bhfuil clúdach WIFI ar fáil, comhairleofar don úsáideoir go bhféadfaí costais úsáide shonraí a bheith i gceist leis an ghníomhaíocht a chur i gcríoch. Tá an gníomhaíocht seo ar chúl geafta tuismitheoirí, rud a chiallaíonn go mbeidh ar dhuine fásta an gníomhaíocht á údarú.


An mbeidh fógraíocht 3ú páirtí á thaispeáint do pháistí agus iad ag baint úsáide as an aip?

Níl aon fhógraíocht taobh istigh d’aip Ící Pící. Ní dhéanann agus ní dhéanfaidh an aip iarracht airgead a dhéanamh tré fhógraíocht. Cruthaíodh an aip le cuidiú ó mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus tá sé ar fáil le h-íoslódáil saor in aisce.

An bhfuil aon ábhar ar aip Ící Pící a mheastar a bheith grafach nó tarcaisneach nó mífhóirsteanach do pháistí?

Níl aon cur síos nó léiriú ar aip Ící Pící d’fhoréigin nó abhar ar bith de nádúr ghnéasach. Tá an obair ealaíona go léir, idir fhís agus fhuaim, fóirsteanach do pháistí gach aois.

An gceanglaíonn aip Ící Pící le haon suíomhanna idirlín 3ú páirtí, nó le haon ghréasáin mheáin shóisialta?

Is féidir le h-úsáideoirí taifid fuaime a rinne siad leis an aip a roinnt ar líonraí mheáin shóisialta faoi léith, tré sheirbhís teachtaireachtaí ilmheán agus ar ríomhphost. Mar sin féin, tá an gníomhaíocht sin ar chúl geafta tuismitheoirí. Leis an ghníomhaíocht seo a chur i bhfeidhm, caithfidh tuismitheoir nó coimeádaí an gníomhaíocht á údarú ar tús.

An bhfuil teacht ag aip Ící Pící ar aon ghrianghraif nó fhíseán phríobháideach ón fón?

Níl teacht ag aip Ící Pící ar aon ghrianghraif nó fhíseán atá stóráilte ar an ghléas fóin.